Sunday, December 12, 2010


Bhí mé agus mo chara ag súgradh sa ghairdín. Thosaigh sé ag cur sneachta. Chaith mé liathróidí sneachta. Rinne mé agus mo chara fear sneachta. Chuir mé hata agus scairf air. Chuaigh mé isteach sa teach agus rinne mé cupán tae. D'ól mé cupán tae. D'fhéach mé amach an fhuinneog agus chonaic mé an fear sneachta.
Tyler O'Reilly.

An Mháirt a bhí ann. Thit sneachta bog bán i ngach áit agus chuaigh mé go dtí an pháirc. Rinne mé fear sneachta sa pháirc.Bhí áthas an domhain orm agus bhí spórt againn. Ansin tháinig mé abhaile agus d'ól mé anraith te. Bhí tuirse orm.
Dylan Grimes.

An Satharn a bhí ann. Thit calóga sneachta ar an talamh. Bhí sé bog agus bán. Bhí cailín ag súgradh sa ghairdín agus chuaigh mé síos an staighre agus chuir mé cóta agus hata orm. Chuaigh mé amach ag súgradh ach bhí pian i mo cheann. Ansin chuaigh mé isteach sa teach. Bhí áthas orm!
Conor Pigott.

An Satharn a bhí ann. Bhí Paul ag súgradh sa ghairdín. Bhí sé ag cur sneachta. Bhí Mamaí sa chistin. Thit Paul ar an talamh agus thosaigh sé ag caoineadh. Rith Mamaí amach. Chuaigh siad o dtí an tospidéal. Bhris Paul a chos. Bhí brón ar Paul. Tháinig sé abhaile.
Robert McCann.

Bhí sé ag cur sneachta. D'éirigh mé ar maidin agus chuaigh mé síos staighre agus d'ith mé calóga. Chonaic mé sneachta ar an talamh. Chuir mé m'eadaí orm agus chuaigh mé amach ag súgradh sa ghairdín. Chonaic mé mo chara Conor. Bhí mé ag súgradh le Conor. Chaith sé liathróid sneachta i mo shúile. Bhí me ag caoineadh agus rith mé abhaile.
Dylan Kelly.